Купить билеты

Is minic mé ag smaoitiú,
Is mé ag féachaint ar gach taobh dom,
Is feicim slóite daoiní
Eadar aosta agus óg,
Agus iad faoi dheifre shíoraí
Ag siúl an bealach céаnna
Ina bhfuil mé féin go cloíte
Ag taisteal leo sa ród.

Is leanfaidh siad a choíche
Is saint ina gcroíthe,
Ag bailiú leo maoin saolta
Ó mhaidin go nóin;
Is mise ag leanstan daofa,
Ní bhfaighidh mé sos ná scíste
Go sroiche mé ceann scríbe
Sa bhealach seo tá romham.

Is iomaí cor is lúbú
San turas chun na huaighe,
Is iomaí ábhar buartha
’casfar ort sa tslí,
Is fusa iad a shárú
Le greann is le gáire
Is a bheith i gcónaí sásta
A theacht le toil an Rí.

Is cuma caidé tá i ndán dom,
Ag Dia amháin atá a fhios ag sin,
Ní bheidh mé choíche cráite
Le buaireamh ná ’brón,
Ach cuirfidh mé mo dhóchas
I nDia mhór na Glóire
Is dhéanfaidh sé ’mo threorú
Sa bhealach seo ’tá romhainn.

Подписаться на новости

Мы не спамим! Прочтите нашу политику конфиденциальности, чтобы узнать больше.