Купить билеты

Is a bhacaigh buí na léige, lig dod ráiteas béil seal
Faighse bean duit féinig a réiteoidh do slí
Cuir dhá mhálla is téad uirthi anuas ar cheann a chéile
Seasaigh fada réidh léi i ndoras gach aon tí
 
Cúrfá
 
Is a tídil eidil éró Tidili eidil éró
Tídil eidil éró reics fol da di
Tídil eidil éró Ridili eidil éró
Tídil eidil éró reics fol da di

Is más bacach buí mé féinig is eol dom siúl go héatrom
Níl baile mór in Éirinn ná tógann uaim  mo chíos
Ó Chorcaigh go Binn Éadair is ó Bhaile Átha Cliath na dtéarmaí
Baile nua an Aonaigh nó Béal an Átha Bhuí

Is do chuireas mo lámh im’ phóca, ní bhuaireas ann ach feoirling
Thugas do bhean an phósta í mar chomhreamh chun na dí
Chuir sí síos ina phóca í, cheap gur giní óir í
Bhuaileas féin fén mbóthar nuair ab fhéidir liom cur díom

Is ní fada uain an samhradh, imeoidh dínn an clampar,
Gheobhaimid prátaí ramhra, leamhnacht is im
Is gon bhfaisean Gallda a bhíodh orainn sa tseanreacht
Bróga deasa Domhnaigh is gan amhras stocaí

Подписаться на новости

Мы не спамим! Прочтите нашу политику конфиденциальности, чтобы узнать больше.