Is fada le fán mé i gclár geal Banban
gur ráiníos don bhaile a ránn siad Callainn leis,
óró, is go Caiseal na sló;
ar ráig gur casadh mé tráth sa mbaile sin
gurb é b’fhearr mar mheasaim in arán ‘s in airgead,
óró, is dá gcanainn níos mó!
Margadh tá dhá lá sa tseachtain ann,
aifreann gnáth le fáil ón eaglais,
an cárt ‘s an cnagaire lán gan dearmad,
stáidbhean chailce le fáil chun taistil liom,
óró, is nárbh aitis mo sceol!
«Ba dhoilbh an scéal dá n-éalaínn leatsa,
le réice ded shamhailse d’éalaigh ón Mainistir
‘s a mheallfadh mé le héitheach go leor,
chuirfinn an saol go léir in earraid liom
siar dá rachainn chun dúthaigh t’athar leat,
óró, is níor mhaith é mo sceol.»
«Bhéarfainnse liom thú anonn go hAlbain
nó go Hanóver más é dob fhearra leat,
éirigh it sheasamh dhom, ná bíodh eagal’ ort,
déan suas t’aigne is téanam abhaile liom,
óró, is nach tusa mo stór?»
«Do shiúlóinn an saol go léir ‘s an Bhreathnaisc leat
‘s níorbh fhearra liom bheith in Éirinn ag éisteacht aifrinn,
óró, ná i Sasana Nódh;
ach ní chreidim ód bhéal dhá dtréan dá n-abrann,
mar is fear magaidh thú bhíonn ag mealladh ban,
óró led reacaireacht sceol.»
«A chumainn mo chléibh ‘s a réilteann mhascalach,
ní ‘neosainn bréag óm béal ar chapall duit,
ar eagla an pheacaigh ‘s go mbeimis damanta;
grá tá ceangailte im lár ná scarfaidh leat,
óró, go dtéad síos fén bhfód.»
«Ní ligfead fén bhfód go deo mo scafaire,
ó fuaireas fios a aigne ós é dob fhearra liom,
óró, líon cupa den bheoir,
glaoidh ar mo chairde go dtrám an bairille
is déanfam rí-rá go mbeidh trácht sa Charraig air,
óró, fad a mhairfidh a bhfuil beo;
seo mo dhá láimh dhuit ‘s ní i bpáirt a bheith scartha leat,
ach ceangailte go bráth gan spás fad a mhairfimid,
sin suite ar margadh ‘s ní dhéanfad do malairtse
páirt dem anam go bráth ní scarfaidh leat,
óró, fad a mhairfead féin beo.
Má leanaim go dian tú siar chun Cairbreach
caillfead mo chiall mura dtriallair abhaile liom,
óró, beadsa ag sileadh na ndeor.»
«Ná tar im dheoidh gan mórchuid airgid
go mbeidh coróin Rí Sacsan air ‘s ór buí id spaga agat,
óró, i gcóir chostais an róid;
ní bheidh cloig ar ar ndóirnibh ó rómhar na ngarraithe
ná ó chruachadh na móna, ná an fómhar á leathadh orainn,
beidh rince fada againn más é is fearra leat,
ór is airgead, beoir is beath-uisce,
óró, is ní bheidh tuirse ‘nár gcomhair.
Coinníoll ár bpósta, stór a bheith eadrainn,
‘s an fhaid mhairfimid beo gan gleo bheith eadrainn,
óró, creid feasta mo ghlór!»
«Má thugair do ráiteas go bráth ná scarfair liom,
beidh tuilleadh biotáille le fáil in aisce agat,
óró, is a bhfuil agam do gheobhair.
B’fhearr liom do mhéin ná céad bó bhainne agat,
muileann ag meilt plúir ‘gus brúraí ag tabhairt leanna dhuit,
siúd é m’aigne, cén chabhair é a chasadh liom
go dtabharfainn an saol duit féin ach ceangal liom,
óró, mar is tusa mo stór!»
Do shiúlaíos-sa léi thrí shléibhtibh Callainne,
ag déanamh ranna dhi ‘s bréaga á gceapadh dhi,
óró, sar a dtitfeadh sí i mbrón;
chun gur bhailíos go géar gach réal a bhí i dtaisce aici,
gan phlé gan achrann síos im phaba chúm,
óró, is do bhogas chun róid,
shocraíos-sa féin mo bhéabhar-hata orm,
mo mhaide draighin éille agus faobhar ‘na bharra amuigh,
‘s is tréan is is calma do léiminn clathacha
siar chun Ceanna Toirc d’fhonn bheith scartha léi,
óró, is í ag sodar im dheoidh.
Nuair bhraith an fhaoileann an oíche tagaithe
‘s ná fuair sí sa tigh ná amuigh sa ngarrdha mé,
óró, do chas olagón;
do ghaoidh sí ar a máthair ‘s ar a lán do leanfadh í,
á rá gur mheallas a croí lem chleasannaibh
‘s do shlad a cuid óir;
«éirigí, a chairde, ní foláir ná go leanfam é,
cuardóm na bánta agus aird na ngarraithe
don Chiarraíoch mhallaithe do mheall mo chuid airgid
lena bhréithre bladair uaim cois taobh an bhairille,
óró, n’fheadar cá ngeobhad».