Tá trí smaointe im’ chroí nách dóigh libh
Níl aon gheal scilling dá dtuillim ná go n-ólaim
Ní hionann is mar chárt ar cháirt amháin ní ghlaoim-se
‘S ní bheidh feorlaing sa sparán agam nuair a fhágfaidh mé an saol so
Curfá
Isgheobhamarísancrúiscínisbíodhsélán
Grámochroímochrúiscín, sláinteghealmomhúirnín
Iscumaliommochúilfhionndubhnóbán
Agusgheobhamarísancrúiscínisbíodhsélán
Dá bhfaighinnse bás amárach d’fhágfainnse le huacht é
Mé a chur i dtigh an tábhairne go sásta fén bhfuarma
Mar a mbeadh na pint is na cáirt is na cnagairí dá mbualadh
‘S gur bhinne liom a nglór súd ná ceol binn na cuaiche
Agusgeobhamarísancrúiscínisbíodhsélán…
Dá bhfainn-se bás amárach d’fhágfainnse le huacht é
Snaois agus tobac a bheith ar mo thórramh
A ndóthain le n-ithe a thabhairt dos na mná óga
Agus ligint dos na seana mhná go ngoilfidís a ndóthain
Agusgeobhamarísancrúiscínisbíodhsélán…
Dá bhfainnse bás i bhfearann Tuirc ‘s nár fhágfaidh mé an saol so
Go bhfeicfidh mé na Sasanaigh ag steallachas na déirce
A rámhainní ar a nguaille is iad ag tuilleamh a gcuid reula
Agus bróga boga briste orthu mar a bhíonn orainn sa Ghaeltacht
Agusgeobhamarísancrúiscínisbíodhsélán…
Nuair a ghabhaim siar go hiarthar Éireann
Cois leasa dhom go huaigneach is gan éinne beo im dhaor ann
‘S é a deir na daoine ‘gus muintir mo chéile
Gur olc an fear ag mnaoi mé nó gan leanbh bhí ag méileach
Agusgeobhamarísancrúiscínisbíodhsélán…
‘Sé a deir mo bhean-sa ar buile tí: “a stróinse,
Téanam ort abhaile nó ar ólais fós do dhóthain?”
“Chun na diabhail mhór’ a bheirim thú a mhaireann de do shórt-sa
Mar beidh bean éigin eile agam ins gach baile beag dá ngeobhaidh mé”