Купить билеты

Rachaidh mise suas le Gardaí ‘n Rí
Agus bhéarfaidh mise anuas ar láimh liom í
Nach mise chuirfeadh cluain ar a báin-chrios mín
Agus bhéarfaidh mé go Tuaifín í grá mo chroí
 
Tógaigí suas ar ghruamhín an iomaire í
Lasadh ina grua agus bua gach duine léi
A ghiolla ’tá gan ghruaim a chuirfeadh cluain ar an iomaití
Nach é mo scéal truaighe mar luadh mise leat

Níl mise tinn agus níl mé slán
Is ró-mhór m’osna is ní fhéadaim a rá
Nuair a smaointím ar an uair úd a bhí mé ’s tú, a ghrá
Guala ar ghualainn agus lámh ar láimh

Tógaigí suas ar ghruamhín an iomaire í
Lasadh ina grua agus bua gach duine léi
A ghiolla ’tá gan ghruaim a chuirfeadh cluain ar an iomaití
Nach é mo scéal truaighe mar luadh mise leat

Galar claoite choíche an grá
’S mairg ar a mbíonn sé d’oíche nó lá
Cé gur crua an rud a’ tsnaidhm ’s nach scaoiltear é go brách
O ’s, a chomrádaí dílis, go dté tú slán

Подписаться на новости

Мы не спамим! Прочтите нашу политику конфиденциальности, чтобы узнать больше.