Купить билеты

Liostáil mé le sáirsint
Mo creach agus mo bhrón
Chuaigh mé leis thar sáile
Mar bhí mé óg gan chéill
Fuair mé gunnaí sásta
Agus claimhte géara bána
Is shíl mé féin gurbh fhearr
Sin ná Contae Mhaigh Eo
 
Is má théann tú choíche go Connachta
Tabhair ruaig chun oileáin úir
Inis do mo bhunadh
Go bhfuil mé faoi bhrón
Go bhfuil mé tinn tréithlag
Is gan duine ar bith le m’fhiafraí
Is mé ag smaointiú fríd mo néaltaí
Ar Chontae Mhaigh Eo
 
Tá píopa fada cailce agam
Is tabaca le cur ann
Buidéal uisce bheatha
Is an mhórchuid den leann
Leaba dheas den luachair
Is mo stóirín le cur inti
Is cead síneadh síos go maidin
Le mo chailín dóighiúil donn
 
Nach deas an rud na saighdiúirí
Agus fliúit an bhaile mhóir
Ag éirí amach ar maidin
Is a gcuid mná deasa leo
A gcuid beaignití faoina n-ascaillí leofa
Is iad uilig ag ceol
Is má tchíonn sibh ag dul thar sáile iad
Is a Rí gan mise leo
 
Liostáil mé le sáirsint
Mo creach agus mo bhrón
Chuaigh mé leis thar sáile
Mar bhí mé óg gan chéill
Fuair mé gunnaí sásta
Agus claimhte géara bána
Is shíl mé féin gurbh fhearr
Sin ná Contae Mhaigh Eo

Подписаться на новости

Мы не спамим! Прочтите нашу политику конфиденциальности, чтобы узнать больше.