Is é mo chaí gan mise maidin aerach
Amuigh i mBéarra im’ sheasamh ar an dtráigh,
Is guth na n-éan im’ tharraingt thar na sléibhte cois na farraige
Go Céim an Aitinn mar a mbíonn mo ghrá,
Is obann aoibhinn aiteasach do léimfinn,
Do rithfinn saor ó anbhroid an tláis
Do thabharfainn droim le scamallaibh an tsaoil seo
Dá bhfaighinn mo léirdhóthain d’amharc ar mo chaoimhshearc bháin.
Is é mo dhíth bheith ceangailte go faonlag,
Is neart mo chléibh dá thachtadh anseo sa tsráid,
An fhaid ’tá réim na habhann agus gaoth ghlan na farraige,
Ag glaoch is ag gairm ar an gcroí seo im’ lár,
Is milis bríomhar leathanbhog an t-aer ann,
Is gile ón ngréin go fairsing ar an mbán,
‘S ochón, a ríbhean bhanmhail na gcraobhfholt,
Gan sinne araon i measc an aitinn mar do bhímis tráth.
Is milis bríomhar leathanbhog an t-aer ann,
Is gile ón ngréin go fairsing ar an mbán,
‘S ochón, a ríbhean bhanmhail na gcraobhfholt,
Gan sinne araon i measc an aitinn mar do bhímis tráth.