Ag gabháil ó thuaidh dom trí Shliabh Luachra,
‘Gus mise ‘cur tuairisc’ mo ghéanna,
Ar fhilleadh aduaidh ‘s ea fuaireas a dtuairisc,
Go raibh Donncha Rua á n-aoireacht!
Cúrfá:
An maidrín rua, rua, rua, rua,
An maidrín rua ‘tá dána,
An maidrín rua ‘na luí sa luachair,
‘Gus barr a dhá chluais in airde.
Níl cnoc ná coill ná cnuasach poill
Ná lúb ná leadhb in Éirinn
Ná go rabhas is mo mhuintir de ló agus d’oíche
I ndiaidh an mhaidrín rua ar saothar!
An maidrín rua, rua, rua, rua,
An maidrín rua ‘tá dána,
An maidrín rua ‘na luí sa luachair,
‘Gus barr a dhá chluais in airde
Ó greadadh croí cráite chughat, a mhaidrín ghránna,
A sciob uaim m’ál breá géanna,
Mo chearca beaga bána
Mo choiligh is mo bhardal,
Is mo lachain bheaga b’fhearr a bhí in Éirinn !
An maidrín rua, rua, rua, rua,
An maidrín rua ‘tá dána,
An maidrín rua ‘na luí sa luachair,
‘Gus barr a dhá chluais in airde.
Níl cnoc ná coill ná cnuasach poill
Ná lúb ná leadhb in Éirinn
Ná go rabhas is mo mhuintir de ló agus d’oíche
I ndiaidh an mhaidrín rua ar saothar!
An maidrín rua, rua, rua, rua,
An maidrín rua ‘tá dána,
An maidrín rua ‘na luí sa luachair,
‘Gus barr a dhá chluais in airde.