A Shéarlais Oig, a mhic Rí Shéamais
‘Sé mo mhór-chreach do thriall as Éirinn
Gan tuinnte bróig’ ort, stoca nó leinidh
Ach do chascairt leis na Gallaibh
Sé do bheatha, a bhean ba léanmhar,
do b’ é ár gcreach tú bheith i ngéibheann,
do dhúiche bhreá i seilbh méirleach,
is tú díolta leis na Gallaibh.
Curfá
‘Sé mo léan géar nach bhfeicim
Mur mbéinn beo ‘na dhiaidh ach seachtain
Séarlas Og is míle gaiscidheach
A’ fógairt fáin ar Ghallaibh
Tá Gráinne Mhaol ag go duill ar sáile,
óglaigh armtha léi mar gharda,
Gaeil iad féin is ní Gaill ná Spáinnigh,
is cuirfidh siad ruaig ar Ghallaibh.
Curfá
Tá Séarlas Og a’ traill ar sáile
Béidh siad leisean, Franncaigh ‘s Spáinnigh
Oglaigh armtha leis mar gharda
‘S bainfidh siad rinnce as éiricigh!
A bhuí le Rí na bhFeart go bhfeiceam,
mura mbeam beo ina dhiaidh ach seachtain,
Gráinne Mhaol agus míle gaiscíoch,
ag fógairt fáin ar Ghallaibh.
Curfá