Купить билеты

Bábóg na Bealtaine, maighdean an tSamhraidh
Suas gach cnoc is síos gach gleann
Cailíní maiseacha bán-gheala gléasta
Thugamar féin an samhradh linn

Samhradh, samhradh, bainne na ngamhna
Thugamar féin an samhradh linn
Samhradh buí na nóinín glégeal
Thugamar féin an samhradh linn

Thugamar linn é ón gcoill chraobhaigh
Thugamar féin an samhradh linn
Samhradh buí ó luí na gréine
Thugamar féin an samhradh linn

Tá an fhuiseog ag seinm ‘sag luascadh sna spéartha
Áthas cuileoga agus bláth na gcrann
Cuach is an fhuiseog ag seinm le pléisiúr
Thugamar féin an samhradh linn

Cuileann is coll is trom is caorthann
Thugamar féin an samhradh linn
Fuinseog ghléigeal bhéil an Átha
Thugamar féin an samhradh linn

Samhradh, samhradh, bainne na ngamhna
Thugamar féin an samhradh linn
Samhradh buí na nóinín glégeal
Thugamar féin an samhradh linn

Подписаться на новости

Мы не спамим! Прочтите нашу политику конфиденциальности, чтобы узнать больше.