Купить билеты

Ag taisteal na Blárnan lá ’s mé ag machtnamh
Ar ár na bhfearachon fáilteach fairsing,
Don phór treoin ba chalma i ngleó,
Is mar neaduigh an t-ál so tháinig ó Shacsana
I stáit ’s I bhfearanntas Fháilbhe is Aimheirgin,
Eoghain mhóir is Chairbre an tslóigh;
Na flatha ba ghnáthach tárthach, treasamhail,
Dá gcartadh ’s dá gcrádh ’s dá gcárnadh ag fanatics
An tan noch d’abaidh fá ghráin na heascaine
Gráscar cealgach Mhártain mhalluighthe,
An chrón-chóip thug masladh don Órd.

Do chaitheas-sa spás go cásmhar cathach,
Gan áird, gan aiteas, go cráidhte ceasnuightheach
Fá bhrón mhór ag fearadh mo dheor;
Gur dhearcas-sa lámh liom bán-chnéis bhanamhail
Mhanla mhaiseamhail ghrádhmhar gheanamhail
Ró-mhodhamhail ba thaitneamhach snódh;
Ba chamarsach cáblach fáinneach fada tiugh,
Ag feacadh ’s ag fás go sáil léi ar baille-chrith
A bláth-fholt bachalach scáinneach crapanach
Táclach snaidhmighthe bárr-chas daithte léi
I gclódh an óir gan scamall gan cheó.

Dá chabhair atá na Spáinnigh chalma,
Ar mhagh ’s ar mhachaire d’fhág fá tharcuisne
Ar feodh cóip na Sacsan gan treoir;
Is cath-mhíleadh an Chláir do rás na seana-stoc,
D’fhás I mBanba ársa treasamhail,
An flós leomhain is taca le tóir;
Ní léigfid ar lár go bráth a n-arma
Go nglanfaid Whitehall ó ál na nDanara
Gan trácht ar chasadh ná faghbháil ar aisiog
A stáit ná a mbeatha, is go gárdach canaidh
Le mór scóip céad ámén le hEoghan.

*   Обратите внимание на то, что это дореформенная орфография, поэтому многие слова читаются не так, как пишутся: treasamhail  =  treasúil, banamhail  =  banúil, maiseamhail  =  maisiúil, geanamhail  =  geanúil,  ceasnuightheach  =  ceasnaíoch, leomhan  =  leon, faghbháil  =  fáil   и т.д.

Подписаться на новости

Мы не спамим! Прочтите нашу политику конфиденциальности, чтобы узнать больше.