Купить билеты

“A mhic mo chroí” arsan sáirsint groí,
“Ar mhaith leat bheith in arm is in éide an Rí?
Id’ Royal Dragoon thar farraige anonn
Is gan aon ró-mhoill bheith id’ oifigeach mór”

agus tu rai a fol de dídil a
tu rai o rai o rai a
agus tu rai a fol de dídil a
tu rai o rai o rai a

Dhein Tadhg liostáil is do chuaigh thar sáil’
Bhí a mháthair tamall fada gan a thuairisc d’fháil,
Ach i mí Meán Fhómhar tháinig long fé sheol
Go cuan Chorcaí agus Tadhg ar bord

Do lig sí béic nuair a chonaic sí é
Mar bhí Tadhg ina bhacach agus crann-chos fé,
Mhuise a Thaidhgín, a rúin, gan ach adhnad fút,
Th’anam ón diabhal, nó an tú atá chugam?

A’ raibh tú caoch nó a’ raibh tú dall,
Nó ar dhearmadais do chosa is iad a fhágaint thall?
Nó a’ raibh tú ag siúl ar an bhfarraige mhór
Go rabhadar caite agat ó shál go glúin.

Ní raibh mé caoch ná ní raibh mé dall,
‘s níor dhearmadas mo chosa ná iad d’fhágaint thall
Ach ag lámhach na ngunnaí i Sevastapool
Siob an chaor mo chosa ó mo chorp ar siúl.

Подписаться на новости

Мы не спамим! Прочтите нашу политику конфиденциальности, чтобы узнать больше.