Купить билеты

Ag taisteal na Blárnan lá ‘s mé ag machtnamh
Ar ár na bhfearachon bhfáilteach bhfairsing,
Den phór treon ba chalma i ngleo,
Is mar neaduigh an t-ál so tháinig ó Shasana
I stáit ‘s i bhfearanntas Fháilbhe is Aimheirgin,
Eoghain Mhóir is Chairbre an tslóigh:
Na flatha ba ghnáthach tárthach, treasamhail,
Dá gcartadh ‘s dá gcrádh ‘s dá gcárnadh ag fanatics,
An táin noch d’abaigh fa ghráin na heascaine,
Gráscar cealgach Mhátrain mhalluighthe,
An chrón-chóip thug masladh don Órd.

Do chaitheas-sa spás go cásmhar cathach,
Gan áird, gan aiteas, go cráidhte ceasnuightheach
Fá bhrón mhór ag fearadh mo dheor;
Gur dhearcas-sa láimh liom bán-chneis bhanamhail
Mhanla mhaiseamhail ghrádhmhar gheanamhail
Ró-mhodhamhail ba thaitneamhach snódh;
Ba chamarsach cáblach fáinneach fada tiugh,
Ag feacadh s ag fás go sáil léi ar baille-chrith
A bláth-fholt bachallach scáinneach crapanach
Táclach snaidhmighthe bárr-chas daithte léi
I gclódh an óir gan scamall gan cheo.

Do bhí deabhadh na mbláth le scáil ba dhearg
Gan tlás ‘na leacain ba bhreághtha lasadh,
‘S a rós-bheol gan mhagadh gan mhóid;
A mala gan cháim ar a sámh-dhearc abaidh
d’fhúig támhach le deartaibh na táinte seabhac,
Go ró-mhór do ghreannuigh a clódh;
Mar eala ar an dtráigh a brágha ‘sa geala-chruth,
‘S a mama dheas bhláthmhar d’fhás ar sheanga-chorp,
A bán-chrobh leabhair noch d’fhágadh tarraingthe
Báid is barcanna, cáig is cairrfhidhthe,
Is gleo treon ar leathan-bhrat sróill.

________________________________________________________________________

Dá gcabhair atá na Spáinnigh chalma,
Ar mágh ‘s ar machaire d’fhág fá tharcuisne
Ar feodh cóip na Sacsan gan treoir;
Is cathmhíleadh an Chláir de rás na seana-stoc,
d’fhás i mBanbain ársa treasamhail,
An flós leomhan is taca le tóir;
Ní leagfaid ar lár go bráth a n-arma
Go nglanfaid Whitehall ó ál na ndanara
Gan trácht ar chasadh ná fagháil ar aiseag
A stáit ná a mbeathadh, is go gáirdeach canaidh
Le mór-scóip céad amen le hEoghan.

Подписаться на новости

Мы не спамим! Прочтите нашу политику конфиденциальности, чтобы узнать больше.