Купить билеты

Trathnóna Dé Sathairn ag dul faoi don ghréin
A chonaic mé lánún i ngarraí leo féin
Bhí an bhean ‘s í go caithiseach ag caint ar an tae
‘S níor mhaith leis an bhfear í a bheith ag trácht air.

‘Muise, bíonn tusa i gcónaí ag cur síos ar an tae
Is an lá a mbíonn sé agat ní feictear agat é
Imigh leat is faigh tobac dom ar mhaithe leat féin
Nó roinnfidh mé leat feac na láí.’

‘Ó, cén slí atá agamsa? cá bhfaighinn-se dhuit é?
Ach ag ceangail dá chirc a raibh ubh aice réir
Rud a thóig tú faoi Nollaig, níor íoc tú fós é
‘S tá an méid sin sathach gann ag na páistí.’

Dhá dteinnse go Gaillimh nó soir go hÁth Cinn
Anonn go Cinn Mhara nó síos go Trá Lí
Casfaí i dteach mé seachtain nó mí
Agus saorthóinn luach drár agus báinín.

Muise, d’imigh tú cheana is tháinig tú arís
Ní fhaca muid agat coróin, scillinn ná pingin
Luigh tú ar do leaba is bhí d’easnachaí tinn
Bhí an slaghdán go domhain i do chnámha.

Muise, éist do bhéal feasta, a amaid de shraoill
Nó buailfidh mé buille ort a bhrisfeas do dhroim
Ag troid is ag achrann a chaith tú do shaol
‘S bhí an faisean céanna ag do mháithrín!

Chuaigh sé go Gaillimh go réiteodh le fear dlí,
Ach ní bhfaigheadh sé a bheith ag caint leis gan leathghine buí,
‘Bí romhamsa sa Spidéal ar maidin Déardaoin,
’S táim cinnte go réiteoidh mé an cás sin.’

Bhí an lánúin sa Spidéal ar maidin an lae,
Ach diabhal blas a rinneadh ach a gcur ar an réidh,
Níor dearnadh den bheirt sin ach magadh is beithé,
Ach ceapaim gur cailleadh na páistí.

Подписаться на новости

Мы не спамим! Прочтите нашу политику конфиденциальности, чтобы узнать больше.