Купить билеты

An rabhais ar an gCarraig nó an bhfeacaís féin mo ghrá?
Nó, an bhfeacais gile agus finne agus scéimh na mná?
Nó, an bhfeacais an t-úll ba chumhra is ba mhilse bláth?
Nó, an bhfeacais mo Bhailintin, nó an bhfuil si dá cloi mar atáim?
 
(Mura raibh sé slán dul ar an Aifreann)
Do bhios-sa ar an gCarraig is do chonac-sa ann do ghrá.
Do chonac-sa gile agus finne agus scéimh na mná:
Do chonac-sa an t~úll ba chumhra is ba mhilse bláth,
Do chonac-sa do Bhailintin agus tá si dá cloi mar táir.
 
(Má bhi sé slán dul ar an Aifreann)
Do bhios-sa ar an gCarraig is do chonac-sa ann do ghrá.
Do chonac-sa gile agus finne agus scéimh na mná:
Do chonac-sa an t-úll ba chumhra is ba mhilse bláth.
Do chonac-sa do Bhailintin agus nil si dá cloi mar táir.
 
Is fiú cúig ghini gach ribe dá gruaig mar or,
A cúilín trom triopallach ag titim léi sios go feor;
Is fiú oiread eile a cuideachta aon uair do ló;
Is a chuaichin na finne, ar mhiste do shláinte a ól?
 
Nuair a bhimse ’m chodladh bionn osnai gan bhri ’m chliabh.
Is mé ’m lui idir chnocaibh go dtaga an dubhach aniar,
A rúin dhil is a chogair nil fortacht mo chúis’ ach ag Dia.
Is go ndeárna loch fola do sholas mo shiil id dhiaidh.
 
Is go dtaga an Cháisc i lár an fliómhair bhui,
Is Lá Fhéile Pádraig lá nó dhó ina dhiaidh,
Go bhfása an bláth bán tré lár mo chómhran aníos,
Páirt dá grá go brách ní thabharfad do aon mhnaoi.
 
Siúd i thios an tsibhean álainn óg!
Go bhfuil a gruaig scaoilte sios go béal a bróg.
’S i an eala i mar an litis, do shíolraigh ón tsár-fhuil mhóir.
Is a chara gheal mo chroi istigh, céad mile fáilte rómhat!

Подписаться на новости

Мы не спамим! Прочтите нашу политику конфиденциальности, чтобы узнать больше.