Купить билеты

Ó, beir mo dhúthracht go dúthaigh Duibhneach,
Sí tír mo rúin í atá dlúth dom chroíse,
Dúthaigh m’óige is fód mo shinsear,
Mo ghrá go deo í is a glóire dhraíochtúil.

Mo ghrá dá sléibhte is dá réalta in airde,
Do bharr Chnoc Bhréanainn ’s gur naofa é a cháil siúd,
Binn Os Gaoithe is na síonta ag tnáitheadh ann,
Is Dún Chonraí thoir dar cloíodh le Bláthnaid.

Tabhair mo ghrá-sa do Shráid an Daingin,
Do Chuan Fionntrá is do Ard na Caithne,
Do Chom an Áir is Gleann álainn Gealt thoir,
Mo chumha go bráth gan mé ar fáil ina measc san.

B’aoibhinn dómhsa go hóg nuair a bhíos ann,
I mBaile an Ghóilín ar bhord na taoide ann,
Ag éisteacht cheoil ann um neoin sna coillte,
Ag lon is smóilín, a gceol dob aoibhinn.

Dá mbeinnse ansúd thiar i ndúthaigh m’athar
Ar fhaichí drúchta ag siúl gach maidin
Ag caint ’s ag comhrá le comharsain chneasta ann,
Is luí fén bhfód ann go deo’ na bhfarradh.

Подписаться на новости

Мы не спамим! Прочтите нашу политику конфиденциальности, чтобы узнать больше.