Купить билеты

Ó Luan dubh an áir tháinig suaimhneas ró-bhreá
Is do ghluaiseathair uaimse leath-uairín roimh lá
Ag iascaireacht i mbád, i gcontúirt bhur mbá,
‘S go mbeidh iarsma na bliana úd bhur ndiaidh go bhfaghad bás.

‘Sé Dónal mo mhaoin an té ab óige dem chlainn,
Agus coicís ón lá san a tháinig sé i dtír
Gan tapa gan bhrí, gan anam ‘na chroí
Ach a ghéaga boga geala is iad leata ar a dtoinn.

‘Sé Cormac mo stór, ‘sé rí na bhfear n-óg
A bhí mómhuil maiseach múinte géarchumtha go leor.
Do scríobh sé ar a’ gcóir leis an mbúcla ‘ bhí ina bhróig
Gurb í Carraig Aonair a chéile go deo.

Is tá duine eile dom chlainn nár thráchtas air puinn
‘Sé Finín mo chúngracht, ceann cothaithe an tí,
Thugadh an fia leis ón gcoill is an bradán ón linn,
Fideoga dubha an tsléibhe is gan bhréag an chearc fhraoigh.

A iníon óg mo chroí, ná goilse is ná caoin
Mar gheobhaidh tú togha an óigfhir a dhéanfaidh rómhar duit is crích
Is ní bhfaigheadsa mo mhian, ná mo thriúr d’fhearaibh groí??
Ná mo cheathrar bhreá mheidhreach de lúbairibh groí.

’Sí an Nollaig seo chugainn an Nollaig gan fonn
I ndiaidh mo cheathrar bhreá brollaigh gheal tá fé shruthaibh na dtonn.
Is dá bhfaighinnse mo thriúr, ’tá go doimhin ins an úir,
Is do dhéanfainn iad a chaoineadh is a shíneadh nach dúinn.

‘S a chlann ó mo chroí nó an trua libh mar bhím —
Bhur n-athairín bocht féinig ag géarghol ‘s ag caoi
Am chuaille bhocht chríon i gcúil uaigneach an tí
‘S an bhean atá in áit bhúr máthar ní cás léi mar bhím

Nuair a théimse ar an gclaí, is go bhfeicim uaim síos,
Nuair a chím Carraig Aonair ó pléascann mo chroí.
Is ar ais liom arís go mullach mo thí,
Ós gurb í Carraig Aonair is céilí dom chloí.

Подписаться на новости

Мы не спамим! Прочтите нашу политику конфиденциальности, чтобы узнать больше.