Купить билеты

Cad a dhéanfaimid feasta gan adhmad,
tá deireadh na gcoillte ar lár;
níl trácht ar Chill Chais ná a teaghlach,
is ní bainfear a cling go bráth;
an áit úd ina gcónaíodh an deighbhean
a fuair gradam is meidhir tar mhná,
bhíodh iarlaí ag tarraing tar toinn ann,
is an tAifreann binn á rá.
 
Is é mo chreach fhada is mo léan goirt
do gheataí breá néata ar lár,
an avenue ghreanta faoi shaothar
is gan foscadh ar aon taobh den walk,
an chúirt bhreá a sileadh an braon di
is an ghasra shéimh go tláith,
is in leabhar na marbh do léitear
an tEaspag is Lady Iveagh!
 
Ní chluinim fuaim lacha ná gé ann
ná fiolair ag déanadh aeir cois cuain,
ná fiú na mbeacha chum saothair
a thabharfadh mil agus céir don tslua,
níl ceol binn milis na n-éan ann
le hamharc an lae a dhul uainn,
ná an chuaichín i mbarra na ngéag ann,
— ó, ‘sí a chuirfeadh an saol chum suain!
 
Nuair a thigeann na poic faoi na sléibhte
is an gunna lena dtaobh is an líon
féachann siad anuas le léan ar
an mbaile a fuair sway in gach tír;
an fhaiche bhreá aoibhinn ina réabacha
is gan foscadh ar aon taobh ón tsín,
páirc an phaddock ina dairy
mar a mbíodh an eilit ag déanadh a scíth’!
 
Tá ceo ag titim ar chraobhaibh ann
ná glanann le grian ná lá,
tá smúit ag titim ón spéir ann,
is a cuid uisce go léir ag trá;
níl coll, níl cuileann, níl caora ann,
ach clocha agus maolchlocháin;
páirc na foraoise gan chraobh ann,
is d’imigh an game chum fáin!
 
Anois mar bharr ar gach mí-ghreann
chuaigh prionsa na nGael tar sáil,
anonn le hainnir na míne
fuair gairm sa bhFrainc is sa Spáinn —
anois tá a cuallacht á caoineadh,
gheibheadh airgead buí agus bán,
‘sí ná tógfadh seilbh na ndaoine,
acht caraid na bhfíorbhochtán.
 
Aitím ar Mhuire is ar Íosa
go dtaga sí arís chughainn slán,
go mbeidh rincí fada ag gabháil timpeall,
ceol veidhlín is tinte cnámh,
go dtógfar an baile seo ár sinsear
Cill Chais bhreá arís go hard,
is go brách nó go dtiocfaidh an díleann
ní fheicfear í arís ar lár!

Подписаться на новости

Мы не спамим! Прочтите нашу политику конфиденциальности, чтобы узнать больше.