Don oíche úd i mBeithil, beidh tagairt faoi ghrian go brách.
Don oíche úd i mBeithil, gur tháinig an Briathar slán.
Tá gríosghrua ar spéartha, is an talamh (fé)na chlúdach bhán,
Féach Íosagán sa chliabhán, is an mhaighdean á dhúil le grá.
Ar leacan lom an tsléibhe, go nglacann na haoirí scáth
Ar oscailt gheal na spéire, tá teachtaire Dé ar fáil.
Céad glóir anois don Athair, i bhflaitheasaibh thuas go hard
Is feasta fós ar thalamh dea-fhearaibh dea-mhéin síocháin.