Купить билеты

Má bhíonn úlla ag apú faoi Shamhain 
Is bláthanna atá geal ar gach craobh 
Is duilleoga  glasa ann faoi Nollaig 
Is ansan a bheidh Saoirse sa tír 
Ag siúl dom trí shléibhte is gleannta 
Trí mo shúile croíbhriste-se, chím 
An Náisiún faoi sheilbh ‘s faoi dhaoirse 
Ach níl ach ár abhaineacha saor.

Seo sláinte na bhfear úd a d’éirigh
In aghaidh éileamh éagórach an dlí,
A fuair bás cuartú cúiteamh a gcearta
Is le daorsmacht an drochrud a chloí.
Anois, nuair tá gá libh, cá bhfuil sibh?
Is cá bhfuil an tine tréan fíor?
‘Bhfuil sé caillte mar sneachta an gheimhridh?
Is nach bhfuil ach ár abhaineacha saor?

Nach suáilceach an saol is sinn’ tá ag caoineadh
Is  tur, cé gur flúirseach an fíon.
Nach cumhra an rós is í ag feochadh?
Is tá binneas sa ghaoth leis an tsíon.
Cén mhaith ‘tá san óige ‘s í ag aoiseach?
Cén t-aoibhneas ‘tá i súile dall caoch?
Níl aon lúchair i loinnir na gréine
Nuair nach bhfuil ach ár abhaineacha soar

Подписаться на новости

Мы не спамим! Прочтите нашу политику конфиденциальности, чтобы узнать больше.