Купить билеты

Molaim sú an ghráin eorna go deo deo is choíche,
Nach mairg nach mbíonn tóir ag Rí Seoirse ar a dhéanamh.
Seán Forde a bheith ’na ghiúistís sé a chomhairleodh na daoine
Mar sé ’chuir mise a’ foghlaim le ócam a spíonadh.

Curfá
Is randa dideloram ’sé ócam mo phríosún,
Go bhfága sú an ghráin eorna na hóglaigh dhá spíonadh.

Osclaíodh dhomsa an stór a raibh ócam thar maoil ann
Is thug mé lán mo ghabhlach liom mo dhóthain go ceann míosa.
Is nach mise a bhain an gáire as an ngarda a bhí ’mo thimpeall
Nuair d’fiafraigh mé den cheannfort cé air ar fhás an fionnach.

Is nach mise a bhíonns go brónach gach Domhnach is lá saoire
Ag siúl amuigh sa ngairdín istigh bhfáinne is mé dul timpeall;
Go dtagann ó mo shúile sruth deora nuair a smaoiním
Gur olc an obair Dhomhnaigh bheith i gcónaí ar an gcaoi seo.

Bhí mise maidin shamhraidh is mo leaba déanta síos agam
Nuair a chonaic mé an ceannfort ag gluaiseacht go dtí mé.
‘B’in an chaoi a bhfuil tusa is an méid atá le déanamh:
Do dhá láimh i do phócaí is ócam le spíonadh?

Céard deir tú le Mac Uí Lochlainn a chuaigh a chodladh dhó fhéin go suaimhneach
Nuair d’ionsaigh na luchain a chuid ócaim san oíche.
Is maidin lá arna mhárach bhí an ceannfort á inseacht
By deaid a deir an gobharnóir tá an diabhal uilig déanta.

Tarraingeoir sú na heorna fós ins na hísleáin;
Beidh gloine a’ainn le n-ól ann amhráin agus rince.
Beidh pota a’ainn is dabhach is beidh cúr air a’ tíocht timpeall,
Beidh gloin a’ainn le n-ól is a gcuid ócaim dhá spíonadh.

Подписаться на новости

Мы не спамим! Прочтите нашу политику конфиденциальности, чтобы узнать больше.