Купить билеты

Is an bhfaca tú m’óig-fhear-sa gabhailt amach
Ar maidin le h-éiri an lae?
Is an bhfaca tú m’óig-fhear-sa gabhailt amach
Ar maidin le fáinne an lae?
A dhá ghéag chanta dar ndóigh ba dheas,
Is a leaca ar dhath na gcaor,
Is go deimhin a bhean ba dheas a ghean
Ar maidin le fáinne an lae?

Raghad-sa chun coille agus fanfad ann seal
Go dtiocfaidh chugham grá mo chléibh.
Raghad-sa chun coille agus fanfad ann seal
Go dtiocfaidh chugham bláth mo shaoil.
Mo rún, mo reacht, mo bhuachaill deas,
Mo chuaille ar feadh mo shaoil,
Is go deimhin a bhean beidh a theacht thar n-ais
Ar maidin mar dhrúcht ón speir.

Chím-se mo mhaoin-sa chugham ag teacht
Ar maidin mar dhrucht ón speir.
Chím-se mo mhaoin-sa chugham ag teacht
Ar maidin mar theidhil ó ngréin.
Mo rún, mo reacht, mo rí-fhear ceart,
Mo dhíon-sa ar feadh mo ré
Is go deimhin a bhean is liom-sa an teacht
Ar maidin mar theidhil ó ngréin.

Подписаться на новости

Мы не спамим! Прочтите нашу политику конфиденциальности, чтобы узнать больше.