Curfá:
Is ó goirm goirm í agus goirm í mo stór
Míle grá le m’anam í ‘sí Peigín Leitir Móir
Tá Brid agam ‘s tá Cáit agam
‘S í Peig an bhean is fearr
Cibé fear a gheobhas í
Nach air a bheas an t-ádh!
Curfá
Chuir mé scéala siar chuici
Go gceannóinn dí bád mór
‘S é scéal a chuir sí aniar chugam
Go ndéanfadh leathbhád seoil
Curfá
Tá iascairí na Gaillimhe
Ag teacht anoir le cóir
Le solas gealaí gile
Nó go bhfeicfidís an tseoid
Curfá
Éirigh suas a Pheigín
Agus seas ar bharr an aird
Comhair do chuid bullán
Agus féach a’ bhfuil siad ann
Curfá deiridh:
‘S ó goirm, goirm í
‘Gus goirm í mo stór
Míle grá le m’anam í
Is gearr go mbeidh sí mór!