Ó, bliain is lá amárach
Sea d’fhágas an baile
A’ dul go hArd Pádraig,
‘Cur lásaí le m’ hata.
Bhí Buachaillí Bána ann
Is rás acu ar eallaigh,
Is mé go dubhach uaigneach
I bpríosún Chluain Meala
Tá mo shrian is mo dhiallait
Ar iasacht le fada.
Mo chamán ar fiaradh
Faoi iarthar mo leapa,
Mo liathróid dá bualadh
Ag buachaillí an ghleanna —
Is go mbuailfinn poc báide
Chomh ard leis na fearaibh!
A Chiarraigh bígí ‘ guí liom,
Is bog binn liom bhur nglórtha,
Is beag a shíleas-sa choíche
Ná béarfainnse beo oraibh:
Go mbeidh ár dtrí cinn-ne
Ar trí spící mar sheó acu,
Faoi schneachta na hoíche,
Is gach síon eile á ngeobhaidh chughainn!
Go hUibh Ráthach má théann tú.
Beir scéala go dtí mo mhuintir
Go bhfuilim daor ar an bhfód so
is nach bhfuil beo agam ach go hAoine,
Bailígí gléas tórraimh
Agus cónra bhreá im’ thimpeall
Sin críoch ar Ó Dónaill
Is go deo bíg’ ag guí leis.