Купить билеты

Thugas-sa bliain ar an gcarraig
Is bliain eile ar an gcaiseal ina dheoidh
Is an bhliain sár ar fhágas an baile
Bhí próiseas is daichead im chóir

Táim in arrears, in arrears
Táim in arrears i dtigh an óil
Táim in arrears, in arrears
‘S is baolach ná díolfad go deo.

Siúd ort a mháthair mo chéile
Ná faca-sa ar aonach riamh fós
A chladhaire ná hól orm braon de
‘S nár fhág tú fiú an ghé ‘gam gan ól.

A chailleach thugais-se d’éitheach
Níor ólas do ghé ná do bhó
Is go deimhin de ná fhágfad an t-aonach
Go n-ólfad sé an léine dod thóin.

Is duine gan gustal gan éifeacht
Gan súil le haon bhraon de go deo
A mhaífeadh ar mháthair a chéile
Go n-ólfadh sé an léine dá tóin.

Comhairle do fuaireas-sa féinig
Ó shean duine aerach go leor
Go mb’fhearra dom scilling chun éadaigh
Ná é fhágaint im dhéidh i dtigh an óil

Míle bó bhainne dá mbéarfadh
Is an tarbh ‘na dhiaidh dom sa ród
‘S na móide dá dtabharfainn óm bhéal duit
Ní leomhfainn gan dul chun tigh an óil.

Ceannóidh mé peiribhic púdair
Is gan dearmad búclaí dom bhróg
Hata trí gcoc go mbeidh stiúir air
Is m’aghaidh air anonn go tí ‘n óil.

Táim in arrears, in arrears
Táim in arrears i dtigh an óil
Táim in arrears, in arrears
‘S is baolach ná díolfad go deo.

Подписаться на новости

Мы не спамим! Прочтите нашу политику конфиденциальности, чтобы узнать больше.